Ár Scéal...

“Congrats son, you can start on Monday but, whatever you do, buy a new suit – that one’s awful – it doesn’t even fit…”

Cheannaigh mé mo chéad chulaith ariamh do mo bhronnadh céime, agus ar m’anam, d’fhág sé lorg orm. Músclaíodh an fear ionam chomh luath is a chuir mé snaidhm sa gcarbhat sin, agus athraíodh ó mhac léinn go Príomhfheidhmeannach mé. Ba é sin go dtí focal scoir an agallaimh thuas…

Cén chaoi mbeadh a fhios agam céard a bheadh oiriúnach agus céard nach mbeadh? Céard a d’fheil agus céard nár fheil?

Agus tá sé seo ag teacht ó dhuine a chaith neart ama agus airgid ag smaoineamh ar an gcineál ainmhí a bhí priontáilte ar bhrollach a léine phóló ag an am sin.

Mar sin de, ón lá sin ar aghaidh, bhí mé ag cuir aithne ar dhaoine agus ag cuir le mo chuid saineolais agus taithí. Leis seo, tá meon úr agam, meon a chuireann go mór le eispéireas an chustaiméara.

Ag deireadh an lae, cé go raibh níos lú deiseanna agus roghanna acu ó thaobh éide de, bhí ár seanaithreacha níos dea-ghléasta ná muidne.

Cén chaoi ar féidir linn cabhrú leat?

Creidimid go n-athraíonn faisin, ach go seasfaidh stíl leat go deo – táimid dírithe ar ardchaighdeán éadaigh agus déanaimh thar aon ní eile.

Ní gá duit géilleadh i dtaca le héadach, le tomhas ná le stíl a thuilleadh – is leatsa an rogha. Is leatsa amháin na cultacha, na léinte agus na cótaí. Ní dheartar agus ní dhíoltar iad sna mílte, ach dearann tusa iad agus cuireann muidne ar fáil iad.